Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Amén adeirim libh, béidh sócamhal ag tír Shodoim agus Ghomorra ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas ag an chathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 A deirim ribh go deimhin, go madh socamhluidhe do thalamh luch Shodóm agus Ghomorra a ló an bhreitheamhnus, nó don chathruighsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodam agus Ghomóra lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:15
22 Tagairtí Cros  

Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.


Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.


Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí?


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach.


Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh’ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach.


Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.


Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí