Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus mura gcuireann duine fáilte romhaibh agus mura dtugann sé éisteacht do bhur mbriathra, croithigí an deannach de bhur gcosa nuair a fhágas sibh an teach úd nó an baile úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus muna bhfáiltighidh duine rómhaibh, cibé ar bith é, agus muna n-éistidh sé le bhur mbriathra, téighigidh amach as an tigh, nó as an chathair sin, agus craithigidh an dusta de bhur gcosa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus giodh bé neach nach géubhaidh sibhsi, agus nach éisdfidh bhur mbriathar, ar ndul a mach as an teach nó as an gcathruighsin díbh, craithidh dhíbh lúaithreadh bhur gcos.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n-éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:14
14 Tagairtí Cros  

Agus má’s fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin.


Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise.


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é.


Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.


Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.


Go deimhin, deimhin, adeirim libh: An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.


Agus dheineadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n-a gcoinnibh agus thánadar go h-Icónium.


Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí