Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus cibé baile mór nó baile beag a dtéann sibh ann, faighigí amach cé atá fiúntach ann, agus fanaigí aige ansin go n‑imí sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus cibé ar bith cathair nó baile ina rachaidh sibh isteach, cuirigidh tuairisc déagh-dhuine ann, agus fanaigidh annsin nó go bhfágaidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Achd giodh bé ar bith cathair no baile ann a rachdaoi a sdeach, fíafruighidh cía bhías deangmhalta innte; agus fanaidh ann sín nó go bhfágtháoi í.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 “Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:11
14 Tagairtí Cros  

ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh.


Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó.


Agus adubhairt sé leo, Cibé áit ’n‐a rachaidh sibh isteach, fanaidh ann nó go raibh sibh ag imtheacht ó’n áit sin.


Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.


Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin.


Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí