Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Is leor do’n deisciobal a bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach mar a thighearna. Má thug siad Beelsebub ar fhear an tighe, nach lugha go mór sin a thabhairt ar mhuinntir a thighe?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ba leor don deisceabal a bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábhaí a bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é a thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:25
13 Tagairtí Cros  

Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan.


Agus má chaithim‐se amach na deamhain le cumhacht Bhelsibub, cia leis an gcaitheann bhúr gclann‐sa amach iad? D’á bhrigh sin, is iad‐san bhéas ’n‐a mbreitheamhnaibh oraibh.


Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.


Agus adubhradar leis, Is féidir linn. Agus adubhairt Íosa leo, An cupán ólaim‐se, ólfaidh sibh‐se é; agus baistfear sibh sa mbaisteadh fhuilingeochas mé:


Agus na scríobhaidhthe tháinig anuas ó Iarúsalem, adubhradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cumhacht prionnsa na ndeamhan chaitheas sé na deamhain amach.


Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.


Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain.


Agus má’s tré Bhelsibub chuirim‐se na deamhain amach, cia thríd chaitheas bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrigh sin is iad‐san bhéarfas breith oraibh.


Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis?


D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh?


D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?


Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí