Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Is leor do’n deisciobal a bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach mar a thighearna. Má thug siad Beelsebub ar fhear an tighe, nach lugha go mór sin a thabhairt ar mhuinntir a thighe?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ba leor don deisceabal a bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábhaí a bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é a thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:25
13 Tagairtí Cros  

D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan.


Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh.


Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.


Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d’á ól, agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh ’n-a mbaistear mise:


Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach.


Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach.


Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach.


Má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D’a bhrígh sin tabharfaid siad-san breith oraibh-se.


Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaid atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis?


Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis?


Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?


Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí