Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Ná bíodh eagla agaibh rómpa d’á bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h-aithneófar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh rompa. Óir ní fhuíl dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná aon nídh fá cheilt nach mbéidh fios air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Ar a nadhbharsin na bíodh a neagla oraibh: óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe, nach dtiocfuidh chum soillsi; agus ní bhfuil énní ar ceilt, nach aitheontar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:26
22 Tagairtí Cros  

Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.


Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte.


Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an domhain ar fad.


Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa;


Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breithnighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh, oraibhre ’nú rud a déanamh ar Dhia:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí