Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Is iad seo ainmneacha an dáréag aspal: an chéad duine Síomón dár shloinne Peadar, agus Aindrias a dheartháir; Séamas mac Shebidé, agus Eoin a dheartháir;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus is iad seo ainmneacha an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an chéad duine, agus Aindrias, a dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An cheadduine dhíobh, Síomón, da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair; Séumas mhac Sebedé, agus Eóin a dhearbhrathair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:2
44 Tagairtí Cros  

Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair:


Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air.


Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebedé, agus do thosnuigh sé ar bheith an‐bhrónach, an‐bhuaidheartha.


Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad.


Ar n‐imtheacht as an tsionagóig dóibh, thángadar isteach i dtigh Shíomóin agus Aindriais, i n‐éinfheacht le Séamas agus le h‐Eoin.


Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann os cómhair an teampaill, d’fhiafruigh Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leithligh,


Agus do chruinnigh na h‐abstail chum Íosa; agus d’inniseadar dó gach nidh, a raibh déanta aca, agus a raibh múinte aca.


Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha;


Agus nuair tháinig an t‐am, do shuidh sé síos, agus na h‐abstail ’n‐a fhochair.


Agus do chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, g‐á rádh, Téighidh agus ullmhuighidh an Cháisc dúinn, go n‐ithimíd é.


agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh.


Agus nuair d’fhill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raibh déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do chuaidh sé go h‐áit ar leith, go cathair ar a dtugtar Bétsáida.


Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: tháinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é.


Agus do bhí ag an mbórd duine d’á dheisceablaibh, do b’ionmhain le h‐Íosa, ’n‐a luighe ar ucht Íosa.


Do rith sí annsin, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionmhain le h‐Íosa, agus adubhairt sí leo, Do thógadar an Tighearna as an tuama, agus ní fhuil a fhios againn cár chuireadar é.


Is amhlaidh do bhí i n‐éinfheacht le chéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirthear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐mhac Shebedé, agus beirt eile d’á dheisceablaibh.


Agus ar iompodh do Pheadar do chonnaic sé an deisceabal ba ionmhain le h‐Íosa ag leanamhain; an té do shín ’n‐a ucht ag an suipéar, an té adubhairt, A Thighearna, cia h‐é bhraithfeas thú?


Is é an deisceabal so do‐bheir fiadhnaise i dtaobh na neithe seo, agus do scríobh na neithe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a fhiadhnaise.


Adubhairt Íosa, d’á bhrigh sin, leis an dáréag, Arbh áil libh‐se imtheacht, leis?


D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal?


Agus is do Iúdás Shíomóin Iscariót do bhí sé ag tagairt, óir ba eisean do bhí chum é do bhrath, agus gur duine de’n dáréag é.


Adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar, leis,


Agus ar dteacht isteach dhóibh, chuadar suas go dtí an seomra uachtarach, mar a raibh siad ’n‐a gcómhnaidhe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán agus Matha, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Shéamais.


Agus do chuireadar ar chrannaibh é; agus do thuit an crann ar Mhaitias; agus do h‐áirmheadh é mar dhuine de’n aon abstal déag.


Agus do mharbh sé Séamas dearbhráthair Eoin le claidheamh.


Agus bhí Peadar agus Eoin ag dul suas isteach san teampall, uair an urnaighe, timcheall na naomhadh h‐uaire.


’N‐a dhiaidh sin taidhbhrigheadh é do Shéamas,


Agus thug sé daoine áirithe chum bheith ’n‐a n‐abstalaibh; cuid chum bheith ’n‐a bhfáidhibh; cuid chum bheith ’n‐a soiscéalaidhthibh; agus cuid chum bheith ’n‐a n‐aodharaibh agus ’n‐a dteagascthóiribh;


Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost;


Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;


An seanóir chum Gáius ionmhain, d’á bhfuil grádh agam san bhfírinne.


Taisbeánadh Íosa Críost, thug Dia dhó chum na neithe atá le teacht chum críche go luath d’fhoillsiú d’á sheirbhíseachaibh; agus do nocht d’á sheirbhíseach Eoin iad le teachtaireacht aingil,


Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa.


Déanaidh gáirdeachas mar gheall uirthi, a fhlaitheasa, agus a naomha, sibh‐se a abstala agus sibh‐se a fháidhe; óir atá díoghaltas déanta uirthi ag Dia dhaoibh.


Agus is mise Eoin do chuala agus do chonnaic na neithe seo. Agus nuair chualas agus chonnacas, do thuiteas síos ag adhradh roimh chosaibh an aingil do thaisbeáin na neithe seo dhom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí