Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Is iad seo ainmneacha an dáréag aspal: an chéad duine Síomón dár shloinne Peadar, agus Aindrias a dheartháir; Séamas mac Shebidé, agus Eoin a dheartháir;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus is iad seo ainmneacha an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an chéad duine, agus Aindrias, a dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An cheadduine dhíobh, Síomón, da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair; Séumas mhac Sebedé, agus Eóin a dhearbhrathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:2
44 Tagairtí Cros  

Agus sé lá ’n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith,


Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air.


Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach.


Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),


Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad.


Agus thanadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin.


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh:


Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu.


Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh;


Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair;


Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é.


Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.


Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida.


Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é.


Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa.


Ansan do rith sí agus tháinigh sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é.


Bhí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus bheirt eile deisgiobul, agus iad i bhfocair a chéile.


D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú?


Sidé an deisgiobul a thugann fiadhnaise ins na neithibh seo, agus do sgríbh na neithe seo: agus is eól dúinn gur fíor an fhiadhnaise a thugann sé.


Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille.


Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé.


D’fhreagair Íosa iad: Nár dheinear-sa an dáréag agaibh do thoghadh?


Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar:


Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Ansan do chuireadar ar chrannaibh dóibh é, agus do thuit an crann ar Mhaitias agus do h-áirimheadh é i dteannta an aoinnedéag Aspol.


Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin, le claidheamh.


Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí