Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 10:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An cheadduine dhíobh, Síomón, da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair; Séumas mhac Sebedé, agus Eóin a dhearbhrathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Is iad seo ainmneacha an dáréag aspal: an chéad duine Síomón dár shloinne Peadar, agus Aindrias a dheartháir; Séamas mac Shebidé, agus Eoin a dheartháir;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus is iad seo ainmneacha an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an chéad duine, agus Aindrias, a dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:2
44 Tagairtí Cros  

Agus a gcionn sé lá beiridh Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a dhearbhráthair, agus tréoruighidh sé íad ar leith go slíabh árd,


Thainic máthair chlionne Shebedei chuige an tráthsin, maille ré na maca, dá onórughadh, agus ag iárruidh neither áirighe air.


Agus ar mbreith Pheadair agus deisi mac Sebedeí leis, do thionnsgain sé bheith go dobrónach agus go rothuirseach.


Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.


Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé días eile dearbhrathar, Seúmas mhac Sébedé, agus Eóin a dhearbhráthair, a mbad a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a lióntadh; agus do ghoir sé iád.


Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin.


Agus ar mbeith na shuidhe dhó ar shlíabh na Noluigheadh as comhair an teampuill, do fhiafruigh Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de,


Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsigheadar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúineadar.


Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid diobh:


Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.


Agus do chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an túan cásg, do chum go níosamáois é.


Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.


Achd ar bhfilleadh do na habsdalnibh, dinnseadar dhósan gach ní dhá ndearnadar. Agus ar na mbreith leis do, do chuáidh sé fá Leith ar fhásach na ciathreacha dá ngoirthear Betsáida.


Táinig Philib agus dinnis sé Dhaindrías: agus a rís dinnís Aindrías agus Philib Díosa é.


Agus do bhí áon dá dheisciobluibh na luidhe a nuchd Iósa, noch dob ionmhuin leis.


Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Híosa, agus a dubhairt sí ríu, Rugadar an Tighearna léo as an dtúama, agus ní bhfuil a fhios aguinn g háit ar chuireadar é.


Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile.


Agus ar bhfilleadh do Pheadar air ais, do chunnairc sé an deisciobal do bionmhuin lé Híosa dhá leanmhuin; an té do luigh a nuchd Iósa ar a shuipér, agus a dubhairt, A Thighearna, cía bhraithfeas tu?


A sé an deisciobal so do ní fínné do na neithibhse, agus do sgriobh na neithese: agus atáa fhios aguinn gur fíor a fhíadhnuisi.


Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris an dá fheardhéug, A nail libhsi leis imtheachd?


Do fhreagair Iósa dhóibh, An é nar thoghasa sibhsi an dá fhear dhéug, agus atá fear agaibh na dhíabhal?


Achd is ar Iúdas Iscariót mhac Siomoín do labhair sé: oír do bhí fáoi so eision do bhrath, ar mbeith na áon don dá fhear dhéug dhó.


A dubhairt áon dá dheisciobluibh, Aindrías, dearbhrathair Shíomoin Peadair ris,


Agus ar a nimtheachd a sdeach, do chúadar súas a seomra úachdarach, mar ar fhan Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus Aindrias, Philip, agus Tomás, Bartoloméus, agus Matha, Séumus mhac Alphéi agus Síomón Selótes, agus Iudás dearbhrathair Shéumuis.


Ann sin do theilgeadar a ccrannchar; agus do thuit an crannchar ar Mhatthías, agus do thoghadh é go háontadhach a bhfochair a néineasbal dég.


Agus do mharbh sé Séumus, dearbhráthair Eóin, lé cloidheamh.


Agus do chúaidh Peadar agus Eóin a néaineachd súas don teampoll a nam urrnuighe, a dtimcheall a náoimhadh huáir.


Ná dhiáigh sin, do chonnairc Séumus é; a rís na nabsduile uile


Uime sin tug sé drung áirighe, na nabsdaluibh; agus drung eile, na bhfaidhibh; agus drung eile, na náodhairighibh agus na luchd teaguisg;


Uime sin, a dhearbhráithre náomhtha, agá bhfuil bhur gcuid ranna don ghairm neamhdha, tuguidh dhá bhur náire Absdal agus Ardshagart ar nadmhála, eadhon Iósa Críosd.


Peadar, absdal Iósa Críosd, chum na gcoigcríoch atá sgartha ó chéile ar feadh Phontus, Ghalátia, Chappadócia, na Hásia, agus na Bitínia,


Siomon Peadar, searbhfhóghantuigh agus absdal Iósa Críosd, chum na druinge fúair creideamh comhmórluáidh rinne tré fhiréuntachd ar Ndé agus ar slánaightheóra Iósa Críosd:


An, seanóir chum na bainntíghearna toghtha agus chum a cloinne, dá bhfuil mo ghrádh go fírinneach; agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh na nuile mar an gcéudna noch fuáir eólas ar an bhfírinne;


An, seanóir chum Gáiuis ghrádhuigh, dá bhfuil mó ghrádh go fírinneach.


Taisbeunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, chum na neitheann is éigean do bheith ann go lúath dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh; agus ar gcur theachdaireachda úadh ré na aingeal dó do thaisbéin sé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:


Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcómhchompánach a dtáobh bhuáidheartha, agus ríoghachda agus fhúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Iósa Críosd.


O a fhlaitheamhnuis, bíodh gairdearchas ort dá táobh, agus oruibhse a apsdala agus a fháidhe náomhtha; óir do riune Día dioghaltus uirrthe ar bhur sonsa.


Agus mise Eóin an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala agus do chonnairc íad, do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí