Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Pilib agus Parthalón; Tomás agus Matha an bailitheoir cánacha;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Séamus, mac Shebede, agus Eoin a dhearbhráthair, Pilip agus Partholán, Tomás agus Maitiú, an puibliocánach, agus Séamus, mac Alpheuis agus Taddéus.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Phillip, agus Bartalomeus; Tomás agus Matta fear cruinnighthe an chusduim; Séumus mhac Alpheus agus Lebéus, dara chomhainm Tádéus;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:3
30 Tagairtí Cros  

Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat.


Ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.


Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.


Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig agus Ióseiph, agus Salómé;


Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.


Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach,


Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile.


Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin.


Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.


Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é.


Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise.


Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu.


Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.


Dubhairt Iúdás leis, níor bh’é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair thu féin do’n tsaoghal?


Dubhairt Tomás leis: A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht, agus conus is féidir dúinn an tslígh d’aithint?


Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm? A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Athair?


Bhí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus bheirt eile deisgiobul, agus iad i bhfocair a chéile.


Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Ach do bhagair sé le n-a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhaint sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bhráithribh! Agus chuaid sé amach agus d’imthigh sé go h-áit eile.


Agus nuair éisteadar dfhreagair Séamus agus dubhairt sé: a fheara, a bhráithre, éistidh liom.


Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinnighthe ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí