Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Phillip, agus Bartalomeus; Tomás agus Matta fear cruinnighthe an chusduim; Séumus mhac Alpheus agus Lebéus, dara chomhainm Tádéus;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Pilib agus Parthalón; Tomás agus Matha an bailitheoir cánacha;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Séamus, mac Shebede, agus Eoin a dhearbhráthair, Pilip agus Partholán, Tomás agus Maitiú, an puibliocánach, agus Séamus, mac Alpheuis agus Taddéus.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:3
30 Tagairtí Cros  

Agus ma dhíultann sé iádsan déisdeachd, innis do neagluis: agus ma dhíultann sé a neagluis déisdeachd, bíodh meas pagánuigh agus puibliocáin agad air.


Eidir a raibh Muire Mágdalén, agus Muire mathair Sheamuis, agus Iosé, agus mathair chloinne Sebedeí.


Agus an tan do chúaigh Iósa as a náitsin, do chunnairc sé oglach, na shuighe ag bord an chusduim, dar bhainm Matha, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhó, do lean sé é.


Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;


Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.


Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteach,


Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach.


Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.


Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht.


Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir.


Agus tar éisi so do chúaidh Iósa a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi.


A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú.


Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.


A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal?


A dubhairt Tomás ris, A Thighearna, ní feas dúinne gá háit a dteid tú; agus cionnas as éidir linn éolus na sligheadh do bheith aguinn?


A dubhairt Iósa ris, An bhfuilim a nfasda dhaimsir bhur bhfochair, agus nach aithnidh dhuit mé, a Philib? gidh bé chunnairc Misi, do chunnairc sé an Tathair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Tathair?


Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile.


Agus ar a nimtheachd a sdeach, do chúadar súas a seomra úachdarach, mar ar fhan Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus Aindrias, Philip, agus Tomás, Bartoloméus, agus Matha, Séumus mhac Alphéi agus Síomón Selótes, agus Iudás dearbhrathair Shéumuis.


Agus ar sméideadh a láimhe dhósan ortha, chum bheith na dtochd, dfoillsigh sé dhóibh cionnus tug an Tighearna amach é as an bpríosun. Agus a dubhairt sé, Innisigh na neitheise do Shéumus, agus do na dearbhráithreachaibh. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chuáidh sé go háit eile.


Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa:


Agus lá ar na mhárach do chúaidh Pól maille rinne a steach mar a raibh Séumus; agus do chruinnigheadar na sinsir uile ann sin.


Agus ní fhaca mé neach ar bith eile do na hapsdaluibh, achd amháin Séumus dearbhráthair an Tighearna.


Agus na naithne do Shéumus, agus do Chéphas, agus Déoin, ar a bhfuil meas bheith na bposduighibh an grás do tugadh dhamh: tugadar a lámh dheas a ccrúth chumainn damhsa agus do Bharnaba; chum sinne dimtheachd chum na ccineadhach, agus íad féin chum an timchíllghearrtha.


Cuiridh Séumus, searbhfhoghantuighe Dé agus an Tíghearna Iósa Críosd, chum an dá thréibh dhéug atá sgartha ó chéile, beatha agus slainte.


Iudas, searbhfhoghantuighe Iósa Críosd, agus dearbhráthair Shéumuis, chum na druinge atá ar na ngairm, ar na náomhadh ó Dhía Athar, agus ar na gcoimhéud fá chomhair Iósa Críosd:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí