Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba ansin a ghlaoigh sé a dháréag deisceabal chuige, agus a thug sé údarás dóibh ar na spridí neamhghlana, lena ndíbirt, agus le gach aicíd agus easláinte a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus nuair a ghoir sé chuige a dhá dheisciobal déag, thug sé cumhacht dóibh ar spioraid neamhghlana, chun iad a theilgean amach, agus chun gach galar agus gach tinneas a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar ngairm a dhá dheisgióbal déag, tug sé chumhachda dhóibh a naghaidh na spiorad neamhghlan, do chum go tteilgfeidis a mach íad, agus go sláneochaidis gach uile easlainte agus éagcrúas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:1
26 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair a dháréag deisceabal;


Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


agus ná leig sinn i gcathú, acht saor sinn ó olc.


Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta.


Guidhidh, d’á bhrigh sin, Tighearna an fhóghmhair, go gcuirfidh sé amach oibridhthe chum an fhóghmhair do bhaint dó.


Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh.


óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.


Agus féach, atáim ag cur geallamhna m’Athar chugaibh: acht fanaidh‐se sa gcathair, nó go gclúduightear sibh le cumhacht ó neamh.


Agus nuair tháinig an lá, do ghlaodh sé chuige a dheisceabail: agus do thogh sé dáréag aca, d’as ghoir sé apstail;


fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.


D’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, Ní féidir le duine éinnidh do ghlacadh muna dtugtar dhó é ó neamh.


Grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus atá gach uile nidh tabhartha aige dhó ’n‐a láimh.


D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal?


Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.


Agus d’fhreagair an droch‐spioraid agus adubhairt sé leo, Atá aithne agam ar Íosa, agus atá aithne agam ar Phól; acht cia sibh‐se?


Agus do nochtadh cómhartha mór san spéir; bean, agus an ghrian mar chlúdach uirthi, an ghealach fá n‐a cosaibh, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí