Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus cibé duine bhéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneach de na daoinibh beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim libh go fírinneach nach gcaillfidh sé a luaigheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Agus cibé ar bith duine a thabhar­fas chomh beag le cupán dʼuisce fuar dʼaon duine de na miondaoine seo cionn is é a bheith ina dheisceabal, deirim libh go fíor nach mbeidh sé gan luach saothair.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus cibé ar bith a bhéarfas fiú cupa uisce fhuair le h-ól do chionn de na daoine is lugha acu seo i n-ainm deisciobail, amén adeirim libh, ní chaillfidh sé a luach saothair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus giodh bé bhéuras cupán duisge fhúar amháin ré na ól do áon do na daóinibh beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi ribh go fírinneach, Nach chaillfidh sé a lúaidheachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 “Agus má thugann duine ar bith a oiread is an cupán dʼfhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 “Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:42
21 Tagairtí Cros  

Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.


Ar an gcuma chéadna ní toil le n‐bhúr nAthair atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de’n mhuinntir bhig seo.


Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é.


Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


Óir má tá an deagh‐thoil ann, glactar léi do réir a bhfuil ag duine, ní h‐é do réir a bhfuil i n‐easnamh air.


óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí