Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XX. Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh.

1 Agus do thárla, lá de sna láethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobhsgaoileadh na tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí,

2 Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san?

3 Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin.

4 Tugaidh freagra orm: An baisteadh a dhein Eóin, ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine?

5 Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh?

6 Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.

7 Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é.

8 Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

9 Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh iasachta ar feadh abhfad.

10 Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é.

11 Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é.

12 Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine. Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é.

13 Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó.

14 Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn.

15 Agus chaitheadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a déanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san?

16 Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saothruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san!

17 Agus d’fhéach sé ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá sgríobhtha: An chloch a chaith na saoir uatha tá sí ’n-a cloich chinn chúinne.

18 An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

19 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.

20 Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra.

21 Agus chuireadar cheist chuige agus dubhradar: A Máighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíos;

22 An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol?

23 Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith a’m brath?

24 Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar.

25 Agus dubhairt sé leó: Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia.

26 Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d’éisteadar.

27 Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige,

28 Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir.

29 Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht.

30 Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus fuair sé sin bás, leis, gan sliocht.

31 Do thóg an trímhadh duine í. Agus mar sin do’n mhórsheisear go léir, agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás.

32 ’N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás.

33 Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu dhíobh go mbeidh sí ’n-a mnaoi aige? óir bhí sí ’n-a mnaoi, ag an mórsheisear.

34 Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo.

35 Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná.

36 Óir ní fhéadfaid siad bás d’fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.

37 Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTighearna Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib.

38 Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir.

39 Agus d’fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubhradar:

40 A Mháighistir, is maith adubhraís é. Agus as san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do chur chuige.

41 Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid,

42 Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna: Suidh as mo dheis,

43 Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh.

44 Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé ’n-a mhac aige?

45 Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na daoine go léir ag éisteacht leis:

46 Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhaghail ins na sinagógaibh, agus ua h-ineada uachtaracha ag ua féastaíbh.

47 Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí