Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 ach an dream a mheastar gur fiú iad teacht chun an tsaoil úd agus chun an aiséirí ó mhairbh ní bhítear á bpósadh ná ag déanamh cleamhnas dóibh siúd,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Acht iad sin, a measfar gur fiú an saoghal úd iad, agus an eiséirghe ó mharbhaibh, ní phósfaidh siad agus ní ghlacfaidh siad mná.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 acht na daoine go meastar gur fiú iad an saoghal úd, agus an aiséirghe ó na marbhaibh d’fhágháil, ní phósaidsean agus ní tugtar le pósadh iad:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Achd cheana an dream mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an t-aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:35
13 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.


D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé.


Ach do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: Chíonn sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht agá bpriúnsaíbh os a gcionn.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá ’búr gcur amú gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómhachtaibh Dé?


Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin.


Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Agus tiocfaid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe.


Go bhfuil mo mhainighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtiocfaidh aiseirighe na ndeagh-daoine agus na ndroch-dhaoine.


Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí