Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, lá amháin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, go dtáinig chuige uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe i n‐éinfheacht leis na seanóiribh;

2 agus do labhradar leis, g‐á rádh; Innis dúinn, Cia an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? nó cia h‐é thug an t‐ughdarás sin duit?

3 Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh‐se;

4 agus tabhraidh freaghra orm: Baisteadh Eoin, arbh ó neamh é nó ó dhaoinibh?

5 Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean,

6 Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.

7 Agus d’fhreagradar, nach raibh a fhios aca cá arbh as é.

8 Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.

9 Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.

10 Agus sa tséasúr do chuir sé searbhónta chum na scológ, go dtiubhraidís cuid de thoradh an fhíonghuirt dó: acht do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é.

11 Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é.

12 Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é.

13 Agus adubhairt tighearna an fhíonghuirt, Créad do‐ghéanad? Cuirfead mo mac ionmhain: b’fhéidir go dtiubhraid urraim dó‐san.

14 Acht nuair do chonnaic na scológa é, do‐rinneadar conspóid eadortha féin, agus adubhradar, Is é seo an t‐oighre: marbhaimís é, chum go mbéidh an oighreacht againne.

15 Agus do chaitheadar as an bhfíonghort amach é, agus do mharbhadar é. Créad do‐ghéanaidh tighearna an fhíonghuirt leo annsin?

16 Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa sin, agus do‐bhéarfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair do chualadar‐san é, adubhradar, Nár leigidh Dia sin.

17 Acht do dhearc seisean ortha agus adubhairt sé, Má’s eadh, cad é seo atá scríobhta, An chloch dár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí?

18 Gach aoinneach thuiteas ar an gcloich sin brisfear é ’n‐a bhroscar; acht an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí ’n‐a mhion‐luaith é.

19 Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin.

20 Agus d’fhaireadar air, agus do chuireadar uatha spíodóirí, do leig ortha féin gur dhaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, chum go dtiubhraidís suas do chumhacht agus d’ughdarás an cheann‐phuirt é.

21 Agus do chuireadar ceist air, g‐á rádh, A Mháighistir, atá a fhios againn go labhrann agus go múineann tú mar is ceart, agus nach bhfuil beann agat ar phearsain, acht go múineann tú slighe Dé de réir na fírinne:

22 an dleaghthach dhúinn cíos d’íoc le Céasar, nó gan a íoc?

23 Acht d’aithin sé a gcealg, agus adubhairt sé leo, Taisbeánaidh pinginn dom.

24 Cia leis an iomháigh agus an inscríbhinn atá uirthi? Agus adubhradar, Le Céasar.

25 Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia.

26 Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost.

27 Agus tháinig chuige roinnt de na Saddúicíneachaibh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de,

28 g‐á rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.

29 Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do ghlac an chéad duine aca bean chuige, agus fuair sé bás gan sliocht;

30 agus do ghlac an dara agus an treas duine í;

31 agus mar sin do’n mhóirsheisear uile; fuaradar bás gan sliocht d’fhágáil.

32 I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás.

33 Ins an aiséirghe, má’s eadh, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear uile.

34 Agus adubhairt Íosa leo, Pósann clann an tsaoghail seo, agus do‐bheirtear le pósadh iad:

35 acht na daoine go meastar gur fiú iad an saoghal úd, agus an aiséirghe ó na marbhaibh d’fhágháil, ní phósaidsean agus ní tugtar le pósadh iad:

36 óir ní féidir dhóibh bás d’fhágháil athuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirghe iad.

37 Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad, thug Maois féin le tuigsin dúinn, ag cur síos dó ar an Sceich, mar a nglaodhann sé ar an Tighearna Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.

38 Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: óir is beo dhó‐san iad uile.

39 Agus d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh, agus adubhradar, Is maith adubhrais é, a Mháighistir.

40 Agus níor lámhadar ceist do chur air as sin amach.

41 Agus adubhairt sé leo, Cionnas adeir siad gur mac do Dháibhi an Críost?

42 Óir adeir Dáibhi féin i leabhar na Salm, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo Láimh dheis,

43 Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos.

44 Mar sin de goireann Dáibhi Tighearna dhe, agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige?

45 Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, agus na daoine go léir ag éisteacht,

46 Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;

47 iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí