Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus adubhairt sé leo, Cionnas adeir siad gur mac do Dháibhi an Críost?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Ach ar seisean leo, “Conas a deirtear gur mac le Dáibhí é an Críost?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus dubhairt sé leo: Cad é mar deir siad gur mac do Dháibhidh an Críost,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:41
14 Tagairtí Cros  

Leabhar geinealaigh Íosa Críost, mic Dháibhí, mic Abrachaim.


Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.


Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht?


Ó ba fáidh é, agus ó bhí a fhios aige gur dhearbhuigh Dia fá bhrigh na mionn, go gcuirfeadh sé duine d’á shliocht ’n‐a shuidhe ’n‐a ríogh‐chathaoir;


Atá m’aingeal curtha agam‐sa, Íosa, chum na neithe seo do dhearbhú dhaoibh ins na h‐eaglaisibh. Is mise fréamh agus sliocht Dáibhí, réalta ghlé‐gheal na maidne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí