Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus do labhradar leis, g‐á rádh; Innis dúinn, Cia an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? nó cia h‐é thug an t‐ughdarás sin duit?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 go ndúirt siad leis, “Inis dúinn cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t‑údarás sin duit.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus deir siad leis, ag rádh: Innis dúinn, cad é an t-ughdarás le n-a ndéan tú na neithe seo, agus cé thug duit an t-ughdarás seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:2
13 Tagairtí Cros  

Agus tharla, lá amháin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, go dtáinig chuige uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe i n‐éinfheacht leis na seanóiribh;


Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh‐se;


Agus d’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Caidé an cómhartha thaisbeánas tú dhúinn fá n‐a ndéanann tú na neithe seo?


Acht an té do bhí ag déanamh na h‐éagcóra ar a chomharsain do chuir sé uaidh é, g‐á rádh, Cia rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa os ár gcionn?


A lucht na muineál righin, gan cluasa ná croidhe timcheall‐ghearrtha agaibh, bíonn sibh i gcómhnaidhe ag cur i gcoinnibh an Spioraid Naoimh: fá mar rinne bhúr sinnsir, is mar sin do‐ghní sibhse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí