Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht má deirimíd: Ó dhaoine, caithfidh na daoine uilig clocha orainn; óir tá siad cinnte gur fáidh a bhí i n-Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:6
13 Tagairtí Cros  

Acht cad chuige a ndeachaidh sibh amach? Chum fáidh d’fheicsin? Go fírinneach adeirim libh, gur mó é ’ná fáidh?


Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é.


Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.


Agus nuair shanntuigheadar greim d’fhágháil air, do bhí eagla ortha roimh na daoinibh, óir do mheasadar‐san gurbh fháidh é.


Acht adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh toirmeasc i measc an tsluaigh.


Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean,


Agus d’fhreagradar, nach raibh a fhios aca cá arbh as é.


Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.)


Agus tháinig a lán daoine chuige; agus adubhradar, Ní dhearna Eoin míorbhail ar bith: acht gach a ndubhairt Eoin i dtaobh an fhir seo, do b’fhíor é.


Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí