Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht má deirimíd: Ó dhaoine, caithfidh na daoine uilig clocha orainn; óir tá siad cinnte gur fáidh a bhí i n-Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:6
13 Tagairtí Cros  

Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.


Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.


Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu.


Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.


Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul.


Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.


Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,


Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh?


Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é.


Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.


Agus tháinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh mírbhúilteach;


Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí