Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh: Má deirimíd: Ó neamh, déarfaidh sé: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, dá rá: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:5
11 Tagairtí Cros  

Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.


Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:


Tugaidh freagra orm: An baisteadh a dhein Eóin, ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine?


Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.


Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham;


Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.


Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.


An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.


Agus nuair a bhi Eóin ag cómhlíonadh a chuarda dubhairt sé: Ni mise an t-é is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an t-é nach fiú mé bróga a chos do sgaoile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí