Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus adubhairt tighearna an fhíonghuirt, Créad do‐ghéanad? Cuirfead mo mac ionmhain: b’fhéidir go dtiubhraid urraim dó‐san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus bʼfhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad é dhéanfas mé? Cuirfidh mé mo mhac múirneach; b’fhéidir, nuair atchífeas siad eisean, go dtabharfaidh siad urraim dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; bʼfhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b'fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:13
19 Tagairtí Cros  

Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.


agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.


g‐á rádh, Do bhí breitheamh i gcathair áirithe, fear nach raibh eagla Dé sir ná beann ar dhaoinibh aige:


Agus ní dhéanfadh seisean é ar feadh tamaill: acht ’n‐a dhiaidh sin adubhairt sé leis féin, Gidh nach bhfuil eagla Dé orm, ná beann ar dhaoinibh agam;


Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é.


Acht nuair do chonnaic na scológa é, do‐rinneadar conspóid eadortha féin, agus adubhradar, Is é seo an t‐oighre: marbhaimís é, chum go mbéidh an oighreacht againne.


Agus tháinig guth as an scamall amach, adubhairt, Is é seo mo Mhac, mo rogha: éistidh leis.


Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo.


Óir an nidh nach raibh ar chumas do’n dlighe do dhéanamh, de bhrigh go raibh sé lag de bhárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do chuir sé uaidh a Aon‐Mhac féin i gcosamhlacht colna peacamhla; is é sin, mar íodhbhairt ar son an pheacaidh, do dhamhnuigh sé an peacadh san cholainn,


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí