Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 20:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’fhaireadar air, agus do chuireadar uatha spíodóirí, do leig ortha féin gur dhaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, chum go dtiubhraidís suas do chumhacht agus d’ughdarás an cheann‐phuirt é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus bhí siad ag coimhéad, agus chuir siad lucht ceilge, a chuirfeadh i gcéill go raibh siad cóir, le breith air ina chainnt, chun go dtabharadh siad suas do chumhacht agus do ughdarás an uachtaráin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin, ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu a bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus dʼúdarás an ghobharnóra.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:20
20 Tagairtí Cros  

agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.


Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air.


ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é.


Agus do chuireadar ceist air, g‐á rádh, A Mháighistir, atá a fhios againn go labhrann agus go múineann tú mar is ceart, agus nach bhfuil beann agat ar phearsain, acht go múineann tú slighe Dé de réir na fírinne:


Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost.


Agus le sainnt déanfaidh siad adhbhar ceannaidheachta dhíbh le briathraibh mealltacha: dream go bhfuil a mbreitheamhnas le tamall fada anois ag teannadh leo, agus nach bhfuil a scrios ag fanamhain fá shuan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí