Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:46 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhaghail ins na sinagógaibh, agus ua h-ineada uachtaracha ag ua féastaíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 “Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Seachnaigidh na Scríobhaidhthe ar mian leo siubhal i n-éadaighe fada, agus ar maith leo fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus na cathaoireacha tosaigh ins na sineagóga, agus na chéad áiteacha ag na féastaí,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:46
14 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a dheisgiobuil,


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh.


Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.


Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha.


Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí