Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Tháinig cuid de na Sadúcéigh, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus tháinic chuige cuid de na Sadducaigh, dream a shéanas go bhfuil aon eiséirghe ann, agus cheistigh siad é,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus tháinig chuige roinnt de na Saddúicíneachaibh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachiabh chuige, (noch shéanas a neiséirghe do bheith ann;) dfíafruigheadar dhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh–iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:27
10 Tagairtí Cros  

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.


Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Ansan, d’eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (bh’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí