Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad, “A Oide, tá scríofa ag Maois dúinn, faoi chás duine a bhfuil a dheartháir i ndiaidh bás a fháil, agus bean aige agus é gan chlann, á rá go gcaithfidh an duine sin an bhean a ghlacadh agus clann a sholáthar dá dheartháir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Ag rádh: A Mháighistir, scríobh Maoise dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agus bean aige, agus dá mbéadh sé sin gan chloinn, go nglacfadh a dhearbhráthair-sean í mar mhnaoi, agus go dtógfadh sé sliocht dá dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 g‐á rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a dʼordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:28
6 Tagairtí Cros  

Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí