Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 “Taispeánaigí bonn airgid dom. Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn atá air?” Dʼfhreagair siad, “Is le Caesar iad.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Taisbeánaigidh pighinn damh. Cé ar de an íomháigh agus an scríbhinn atá uirthí? Dubhairt siad leis, ghá fhreagairt: De Chaesar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Cia leis an iomháigh agus an inscríbhinn atá uirthi? Agus adubhradar, Le Céasar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Taisbéanaigh dhamh pighinn. Cia ar leis a níomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? Agus ar bhfreagra dhoibhsion a dubhradar, Lé Séasar,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuil a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Caesar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 “Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:24
14 Tagairtí Cros  

D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.


Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort.


Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo?


Agus thugadar chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar.


Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.


An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol?


Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith a’m brath?


Agus dubhairt sé leó: Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia.


Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Claudius.


Agus dubhairt Agrippa le Féstus: D’fhéadfí an duine sin do leogaint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí