Agus adubhairt sé leo, An dtugtar an lóchrann isteach chum go gcuirfidhe é fá bhéal soithigh, nó fá’n leabaidh? an é nach gcurtar é ar choinnleoir?
Matha 5:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ní lasann daoine coinneal, chun í chur faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir, chun go dtugaidh sí solus dá bhfuil san tigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. An Bíobla Naofa 1981 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. |
Agus adubhairt sé leo, An dtugtar an lóchrann isteach chum go gcuirfidhe é fá bhéal soithigh, nó fá’n leabaidh? an é nach gcurtar é ar choinnleoir?
Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.
D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan.
Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.
chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,
Óir do bhí tabernacal curtha i gcóir, an chéad phailliún, ar a dtugtar an Naomh‐Áit, mar a raibh an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirbhirte.
Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.