Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Filipigh 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, má tá aon fhortacht i gCríost, má tá aon tsólás san ngrádh, má tá aon chumann san Spiorad, má tá truagh nó trócaire ar bith ann, déanaidh‐se mo gháirdeachas do chóimhlíonadh,

2 agus bidhidh ar aon aigne, ar aon ghrádh, ar aon toil, ar aon mheon amháin;

3 gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin.

4 Nár ab é a leas féin amháin bhéas mar chúram ar aon duine agaibh, acht bíodh gach duine agaibh ag féachain chum leasa daoine eile, leis.

5 Bíodh an dearcadh agaibh do bhí ag Íosa Críost:

6 an té dob’ ionann le Dia féin ’n‐a chló, acht nár shamhluigh dhó féin bheith ar aon chéim le Dia, mar bhéadh sin ’n‐a chraoibh le breith,

7 acht do lom é féin, agus do ghlac cuma seirbhísigh chuige féin, agus tháinig sé ar an saoghal i gcosamhlacht duine; agus do nochtadh é i riocht duine;

8 agus i riocht duine dhó, d’uirísligh sé é féin, agus do bhí sé umhal go dtí an bás, go bás na croise féin.

9 Ar an adhbhar sin d’árduigh Dia go mór é, agus thug sé dhó an t‐ainm atá os cionn gach ainme eile;

10 chum go bhfeacfadh gach glún i n‐ainm Íosa,

11 ar neamh, ar talamh, nó fá thalamh, agus go n‐admhóchadh teanga gach duine gur Tighearna Íosa Críost, chum glóire Dé an tAthair.

12 D’á bhrigh sin, a bhráithre ionmhaine, mar bhí sibh umhal i gcómhnaidhe, ní h‐é amháin im’ láthair‐se, acht go mórmhór ar mbeith as láthair dom, saothruighidh amach bhur slánughadh féin le h‐eagla agus le criothnú;

13 óir is é Dia do‐bheir daoibh an toil agus an éifeacht mar is mian leis féin.

14 Déanaidh gach nidh gan ceasnú, gan aighneas;

15 chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,

16 ag nochtadh briathair na beathadh, chum go mbéidh adhbhar maoidhmheachais agam i ló Chríost, de chionn nár ritheas agus nár shaothruigheas i n‐aisce.

17 ’Seadh, agus má doirtthear mé mar ofráil dighe os cionn íodhbairte agus seirbhíse bhur gcreidimh, do‐ghním gáirdeachas, agus do‐ghním bród i n‐éinfheacht libh‐se go léir:

18 agus ar an gcuma chéadna, déanaidh‐se gáirdeachas agus bród i n‐éinfheacht liom.

19 Acht atá súil agam san Tighearna Íosa go gcuirfead Timóteus chugaibh gan mhoill, chum go mbéidh sólás croidhe agam féin nuair bhéas a fhios agam cionnas mar tá an saoghal agaibh.

20 Óir ní fhuil duine agam atá ar aon intinn leisean, fear chuireas dúil ó chroidhe ’n‐bhur leas.

21 Óir ní h‐iad gnóthaí Íosa Críost, acht a ngnóthaí féin, is cúram leo uile.

22 Acht atá a fhios agaibh cionnas chruthuigh sé, gur shaothruigh sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar dhéanfadh mac i n‐éinfheacht le n‐a athair.

23 Atá súil agam go gcuirfead chugaibh eisean chómh luath agus bhéas a fhios agam cad is cor dom:

24 acht atá súil san Tighearna agam go dtiocfad féin chugaibh go luath.

25 Acht do cheapas gur riachtanach Epafróditus, bráthair, agus chómh‐oibridhe, agus cómhshaighdiúir liom, agus bhur dteachtaire‐se, agus an fear d’fhóir orm i n‐am mo ghátair, do chur chugaibh:

26 óir ba mhian leis go mór sibh‐se go léir d’fheicsin, agus do bhí sé an‐bhuaidheartha toisc go gcuala sibh go raibh sé tinn:

27 agus go deimhin bhí sé tinn i riocht báis; acht do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean amháin, acht orm‐sa, leis, chum nach mbéadh doilgheas os cionn doilgheasa orm.

28 Uime sin ba mhóide mo dhúthracht a chur chugaibh go mbéidh luthgháir oraibh nuair chífeas sibh arís é, agus go mba lughade mo dhoilgheas é.

29 Glacaidh chugaibh é, mar sin, le lán‐gháirdeachas san Tighearna, agus tabhraidh ómós d’á leithéidibh sin:

30 toisc go ndeachaidh sé i ngar do’n bhás ar son gnó Chríost, ag cur a anma i mbaoghal báis d’iarraidh a raibh i n‐easnamh ar bhur seirbhís damh‐sa do sholáthar.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí