Eabhraigh 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois do bhí riaghlacha le h‐aghaidh adhartha Dé, agus sanctóir saoghalta ag an gcéad chonnradh. 2 Óir do bhí tabernacal curtha i gcóir, an chéad phailliún, ar a dtugtar an Naomh‐Áit, mar a raibh an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirbhirte. 3 Agus taobh istigh de’n dara brat do bhí an tabernacal ar a dtugtar an Áit Sár‐Naomhtha; 4 mar a raibh an túiseoir óir, agus áirc an chonnartha fá n‐a chlúdach óir ’n‐a raibh an soitheach óir ’n‐a mbíodh an manna, agus slat Aáróin as a dtáinig na bachlóga, agus cláir an chonnartha; 5 agus os a chionn sin cerúbím na glóire, go raibh a scáth mar chlúdach ar chathaoir na trócaire; acht ní féidir linn labhairt ’n‐a dtaobh sin fá leith anois. 6 Anois ar mbeith curtha i dtreo do na neithibh sin, na sagairt do‐ghní na seirbhísí, téigheann siad isteach san gcéad tabernacal: 7 acht san dara tabernacal ní théigheann isteach acht an t‐árd‐shagart ’n‐a aonar, uair san bhliadhain, ní gan fuil ofrálas sé ar a shon féin agus ar son peacaidhe an phobail. 8 Is é fhoillsigheas an Spiorad Naomh san méid sin, nach bhfuil an tslighe isteach chum na h‐áite naomhtha ar fhoscailt fós, chómh fada agus atá an chéad tabernacal ar bun. 9 Samhlaoid de’n aimsir atá ann fá láthair is eadh é: is ann ofráltar tabhartaisí agus íodhbartha nach bhféadann coinsias an adhrathóra do dhéanamh saor ó locht; 10 nach bhfuil ionnta (idir biadha, agus deocha, agus ionnlaidhthe éagsamhla) acht gnáth‐nósanna saoghalta, do cuireadh ar bun go dtí aimsir an cheartuighthe. 11 Acht, iar dteacht do Chríost mar árd‐shagart na n‐aoibhneas atá le teacht, tré thabernacal is mó agus is iomláine, nach ndearnadh le lámhaibh, is é sin nach de’n tsaoghal so, 12 ní tré fhuil gabhar agus laogh, ácht tré n‐a fhuil féin, do chuaidh sé isteach san naomh‐áit an t‐aon uair amháin, agus do ghnóthuigh sé fuascladh síorraidhe. 13 Óir má ghníonn fuil gabhar agus tarbh, agus luaith bearaigh croithtear ar na daoinibh atá truaillidhe, naomhú chum glanta na feola: 14 nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe? 15 Agus ar an adhbhar sin is idirmheadhóntóir connartha nua é, ar mhodh, de bhárr an bháis i n‐éiric ár gcionnta, do bhí fá’n gcéad chonnradh, go bhfaighidh na daoine do glaodhadh geallamhain na h‐oidhreachta síorraidhe. 16 Óir san áit ’n‐a bhfuil tiomna, ní foláir cruthamhnas báis an té do rinne an tiomna bheith ann, leis. 17 Óir ní bhíonn tiomna i bhfeidhm muna mbíonn bás ann: óir ní bhíonn brigh ann a fhaid agus bhíos an té do rinne é beo. 18 D’á bhrigh sin níor bunuigheadh an chéad tiomna féin gan fuil. 19 Óir nuair do bhí an uile aithne fógartha ag Maois do’n phobal do réir an dlighe, do ghlac sé cuid d’fhuil na laogh agus na ngabhar i n‐éinfheacht le h‐uisce, agus le h‐olainn chraoraigh, agus le h‐iosóip, agus do chroith sé ar an leabhar féin, 20 agus ar an bpobal uile í, g‐á rádh, Is í seo fuil an tiomna atá órduighthe ag Dia dhaoibh. 21 Agus mar an gcéadna do chroith sé an fhuil ár an tabernacal agus ar shoithighibh uile na miniostrálachta. 22 Agus is beag nach bhféadtar a rádh, do réir an dlighe, go nglantar an uile nidh le fuil, agus gan dortadh fola nach bhfuil maitheamhnas ar bith le fágháil. 23 Níorbh fholáir, d’á bhrigh sin, somplaí na neithe atá ar neamh do ghlanadh ar an gcuma sin; acht na neithe neamhdha do ghlanadh le h‐íodhbarthaibh atá níos fearr ’ná iad sin. 24 Óir ní isteach i n‐áit naomhtha do rinneadh le lámhaibh do chuaidh Críost, áit nach bhfuil acht ’n‐a shompla de’n naomh‐áit fhírinnigh; acht isteach ins na flaitheasaibh féin, chum go bhfaighfidhe é anois i láthair Dé ar ár son‐sa: 25 agus ní chum é féin d’íodhbairt go minic do chuaidh sé isteach ann; fá mar théigheas an t‐árd‐shagart isteach san áit naomhtha, bliadhain i ndiaidh bliadhna, le fuil nach leis féin: 26 san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireadh an domhan ar suidheachan: acht anois, an t‐aon uair amháin, i ndeireadh na n‐aois do foillsigheadh é chum deireadh do chur leis an bpeacadh, g‐á íodhbairt féin. 27 Agus ó tá sé i ndán do na daoinibh bás d’fhágháil uair amháin, agus go dtagann an breitheamhnas ’n‐a dhiaidh sin; 28 ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society