Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh.
Matha 2:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar dhul isteach san tigh dóibh, fuair siad an leanbh agus Muire, a mháthair, agus ag sléachtadh go talamh dóibh, thug siad adhradh dó: agus d’fhoscail siad a gcuid stór go dtug tiodhlaicthe dó, ór, túis, agus miorr. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus dʼumhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus dʼoscail siad a gcístí agus dʼofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. An Bíobla Naofa 1981 Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. |
Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh.
An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.
Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.
Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.
Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.
Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n-a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.
Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do tháinig Nicodémus, leis, an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint.