Eoin 19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIX. Tuairisg ar Pháis Chríost ar leanmhaint. 1 Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus do sgiúrsáil sé é. 2 Agus d’fhígheadar na saighdiúirí coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar éadach corcra uime. 3 Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air. 4 Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann. 5 Agus tháinigh Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine! 6 Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir ní bhfaghaim-se aon choir ann. 7 D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin. 8 Nuair airigh Pílát an focal san tháinig tuille eagla air. 9 Agus chuaidh sé isteach sa chúirt airís agus dubhairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Ach níor thug Íosa freagra air. 10 Dubhairt Pílát leis, d’á bhrígh sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? 11 D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air. 12 Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair. 13 Nuair a dh’airigh Pílát na focail sin do thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eabhra, ámhthac, Gabbata. 14 Agus b’é lá ollamhuighthe na Cásga é, tímpal an sémhadh h-uair, agus dubhairt sé leis na Iúdaigh: Féach bhúr rí: 15 Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar. 16 Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh. Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é. 17 Agus ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra, 18 Mar ar chéasadar é, agus beirt eile ’n-a theannta, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 19 Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé ar an gcrois é. Agus bh’ e seo an sgríbhinn: ÍOSA NASARÉNACh RÍ NA N-IÚDACh. 20 Agus do léigh mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit ’n-ar céasadh Íosa achmair do’n chathair. Agus bhí sé sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21 Dubhairt árd-shagairt na n-Iúdach, ámh, le Pílát: Ná sgríbh: Rí na n-Iúdach; ach go ndubhairt sé: Is mé rí na n-Iúdach. 22 D’fhreagair Pílát: An nídh do sgríobhas, do sgríobhas e. 23 Agus na saighdiúirí, nuair a chéasadar é, do thógadar a chuid éadaigh agus dheineadar cheithre coda dhíobh, cuid do gach saighdiúir, agus a chasóg. Bhí an chasóg, ámh, gan fuagháil inti, ach í fighte ar fad ó n-a bárr. 24 Agus dubhradar le n-a céile: Ná stracaimís í, ach cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómhlíonfaí an scriptiúir adeir: Do rainneadar eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na neithe sin. 25 Agus bhi ’n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Mhaghdalén. 26 Agus nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis ’n-a sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné do mhac! 27 Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í. 28 I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm. 29 Agus bhí árthach ann agus é lán d’fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins agus é lán d’fhínéigir agus iosóip tímpal air. 30 Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh. 31 Ach na Iúdaigh, óir b’é lá an ollamhuighthe é, i dtreó ná fanfadh na cuirp ar an gcrois i gcaitheamh na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Pílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32 Ansan do tháinig na saighdiúirí, agus bhriseadar cosa an chéad duine, agus cosa an duine eile a bhí céasda i n-aonfheacht leis. 33 Ach nuair a thánadar chun Íosa, chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor bhriseadar a chosa; 34 Ach d’osgail duine de sna saighdiúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinigh amach as, láithreach, fuil agus usge. 35 Agus an t-é a chonaic é thug sé fiadhnaise ann, agus is fíor a fhiadhnaise. Agus is eól dó san go bhfuil an fhirínne aige ’á rád, ionus go gcreidfeadh sibh-se. 36 Óir do deineadh na neithe sin ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: Ní bhrisfidh sibh aon chnámh ann. 37 Agus airís deir scriptiúir eile: Chífid siad an t-é a shádadar. 38 ’N-a dhiaidh san d’iarr Ióseph ó Arimataea ar Pílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eadh é, ach fé chéilt, le h-eagla na n-Iúdach) leigint dó corp Íosa do bhreith leis. Agus do thoiligh Pílát. 39 Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do tháinig Nicodémus, leis, an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint. 40 Agus do thógadar corp Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh dhéanamh. 41 Agus bhí sa n-áit ’n-ar céasadh é gáirdín, agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne fós ann. 42 Chuireadar Íosa sa tuama san, mar bhí sé ’n-a gcómhgar, agus b’é lá ollamhuighthe na n-Iúdach é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society