Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 19:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, “Seo daoibh, táim á thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir ná locht air.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Ar an adhbhar sin, chuaidh Pioláit amach arís, agus deir leo: Féach, tá mé ghá thabhairt amach chugaibh chun go raibh a fhios agaibh nach bhfaghaim aon choir ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chuaidh Píoláid amach arís, agus adubhairt sé leo, Féach, atáim g‐á thabhairt amach chugaibh, chum go dtuigfidh sibh nach bhfaghaim coir ar bith ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ann sin do chúaidh Píoláid amach a rís, agus a dubhairt sé ríu, Féuch, atáim dhá thabhair so amach chugaibh, ionnus go mbíadh a fhios aguibh nach bhfaghaim cúis ar bith air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Chuaigh Píoláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim dá thabhairt amach chugaibh, chun go mbeidh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 19:4
16 Tagairtí Cros  

Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.


Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.


Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo.


Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh.


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras.


Ansan do chuaidh Pílát isteach sa chúirt airís, agus ghlaoidh sé chuige Íosa agus dubhairt sé leis: An tusa rí na n-Iúdach?


Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bhith ann.


Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir ní bhfaghaim-se aon choir ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí