Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 19:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus do sgiúrsáil sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ghlac Píoláid Íosa ansin gur chuir á sciúrsáil é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Ar an adhbhar sin, ghabh Pioláit Íosa annsin, agus sciúrsáil sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin thug Píoláid Íosa, agus do sciúrsáil sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do ghlac Pioláid Iósa ann sin, agus do ghabh sé do sgíursaidhibh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin ghabh Píoláit Íosa agus sciúrsáil sé é.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 19:1
16 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair.


Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é.


Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí