Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Annsin tháinic na daoine a bhí san bhád, agus thug siad adhradh dó, ag rádh: Is tú Mac Dé go fíor.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus tangadar an luchd do bhí sa luing, agus donóriogheadar é, ag rádh, Go firinneach is tusa Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Agus iad seo a bhí sa bhád, dʼumhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:33
27 Tagairtí Cros  

Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth.


Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi.


Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí.


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.


Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá bheó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é.


Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac.


Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.


Tusach Soisgéil Íosa Críost, Mhic Dé.


Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t-árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe?


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n-a seasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bhás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin.


Agus dheineadar-san Dia d’adhradh agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha.


Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.


Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh.


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so.


Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit:


D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin.


Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe.


Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach: Féach an t-uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí mé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí