Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 11:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

ag fiafraí de, “An tú an té atá le teacht, nó an mbeidh súil againn le duine nach tú?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

g‐á fhiafraighe dhe, An tusa an té atá le teacht, nó an gcaithfimíd feitheamh le duine éigin eile?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

dá rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

Féach an chaibidil



Matha 11:3
38 Tagairtí Cros  

Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat.


Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair;


Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda.


Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.


Agus an mhuintir a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna.


Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.


Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so.


Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil.


Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-sa, óir is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.


Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh.


Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.


Do chreid a lán de’n tsluagh ann, ámh, agus deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí ’ná mar a dheineann an duine seo?