Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVI. Críochnú cainte Chríost le n-a dheisgiobulaibh.

1 D’innseas na neithe seo dhaoibh ionus ná glacfadh sibh sgannal.

2 Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.

3 Agus déanfaid siad na neithe sin libh-se toisg gan aithne bheith acu ar an Athair, ná orm-sa.

4 Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh.

5 Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?

6 Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás.

7 Ach táim-se ag innsint na fírinne dhaoibh: Isé bhúr leas mé dh’imtheacht; óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Sólásaidhe chúghaibh; ach má imthighim, cuirfead chúghaibh é.

8 Agus nuair a thiocfaidh sé sin déanfaidh sé an domhan do dhaoradh i dtaobh an pheactha, agus i dtaobh cirt, agus i dtaobh breitheamhantais:

9 I dtaobh peactha, toisg ná creidid siad ionam-sa;

10 I dtaobh cirt, óir táim ag dul chun an Athar, agus ní fheicfidh sibh mé feasda.

11 Agus i dtaobh breitheamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin ar priúnsa an domhain seo.

12 Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir daoibh iad a bhreith libh anois.

13 Ach nuair a thiocfaidh an Spioraid úd na fírinne, múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne. Óir ní h-uaidh féin a labharfaidh sé, ach labharfaidh sé gach a gcloisfidh sé; agus neósfidh sé dhaoibh-se na neithe atá le teacht.

14 Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-sa, óir is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.

15 Gach uile nídh atá ag an Athair is liom-sa é. Uime sin iseadh adubhart: Is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.

16 Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus ansan tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an Athair.

17 Ansan dubhairt cuid d’á dheisgiobulaibh le n-a chéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; agus, Mas táim ag dul ag triall ar an Athair?

18 Agus dubhradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní fheadramair cad ’deir sé.

19 Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus, tamall, beag airís, agus chífidh sibh mé.

20 Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais.

21 Nuair a bhíonn an bhean i mbreóiteacht clainne, bíonn buaireamh uirthi, toisg a h-am a bheith tagaithe; ach nuair a bheireann sí an mac, ní bhíonn cuimhne aici ar an dtein-neas, mar gheall ar an áthas, toisg duine bheith tagaithe ar an saoghal.

22 Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh.

23 Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é.

24 Go dtí so níor iarrabhair aon nídh am’ ainim: Iarraidh, agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.

25 Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i soluídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar.

26 Sa lá san iarrfaidh sibh am’ ainim-se; agus ní deirim libh go nguidhfead an t-Athair an bhúr son;

27 Óir tá grádh ag an Athair féin daoibh, toisg grádh bheith agaibh dómh-sa agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas.

28 Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánagh ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.

29 Dubhairt a dheisgiobuil leis: Féach, anois taoí ag labhairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á labhairt.

30 Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís.

31 D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois?

32 Féach, tá an tráth ag teacht, agus tá sé tagaithe cheana féin, ’n-a sgaipfar sibh, gach duine chun a choda féin, agus ’n-a bhfágfaid sibh mise am’ aonar; ach ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Athair am’ fhochair.

33 Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí