Lúcás 8:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus Ioanna, bean Chúsa, stiubhard Ioruaidh, agus Susanna agus mórán eile, a bhíodh ag freastal air as a maoin féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus Ióánna bean Chúza, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin. An Bíobla Naofa 1981 agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin. |
Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.
Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.
Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.
Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.
Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim se i gcómhnuighe agaibh.
Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí ’n-a bhfochair, a d’innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh.
Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann.
Ach bhí sa n-eaglais, a bhí i n-Antioch fáidhí agus teagasgóirí, ar a raibh Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Dubh, agus Lúcius an Curénach agus Manachen, cómhdhalta Héróid an tetrarc, agus Saul.