Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an fear ar leis an fíonghort lena mhaor, ‘Glaoigh ar na hoibrithe agus íoc a dtuarastal leo, ag tosú leis an dream deireanach, agus ag críochnú leis an dream a bhí ar dtús.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, deir máighistir an fhíonghuirt le n-a stiubhard: Scairt ar na h-oibridhthe agus tabhair a dtuarastal dóibh ag toiseacht leis an méid is moille a tháinic agus ag dul go dtí an méid a tháinic i gcéaduair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:8
22 Tagairtí Cros  

Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa.


Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh.


Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó.


Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim;


Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.


Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?


Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí