Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.
Lúcás 8:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An lucht a éisteas le bhriathar Dé agus a ghní dá réir, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Is iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se iad‐san éisteas le briathraibh Dé, agus do‐ghní d’á réir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá réir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.” An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.” |
Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.
Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.
Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.
Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.
Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.
Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu d’fheisgint.
Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia.