Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do tharla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Aon lá amháin chuaigh sé ar bhád é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo, “Téimis go dtí an taobh thall den loch.” Dʼimigh siad leo mar sin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus thárla lá amháin go ndeachaidh sé féin agus a dheisciobail isteach i mbád, agus dubhairt sé leo: Téighimís anonn trasna an locha. Agus chuaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus tharla, lá de na laethibh sin, go ndeachaidh sé féin agus a dheisceabail isteach i mbád; agus adubhairt sé leo, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh eile: agus d’imthigheadar rómpa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:22
12 Tagairtí Cros  

Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.


Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n-a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge.


Agus nuair a thainig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige.


Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail.


Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.


Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit.


Agus an fhaid a bhíodar-san ag cur na slíghe dhiobh do chuaidh seisean a chodla. Agus tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhiodar d’á líonadh agus bhíodar i gcontabhairt.


Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad.


Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias,


Agus chuamair ar bórd luinge Adrumétíge, chun go seólfaimís fan chiumhais trágha na h-Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d’fhán i n-ár bhfochair Aristarcus an Macedonach, ó Tessaloníca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí