Matha 2:2 - An Bíobla Naofa 1981 ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Cá bhfuil an té seo a rugadh ina rígh ar na h-Iúdaigh? Óir chonnacamar a réalt san oirthear, agus tháiniceamar chun é d’adhradh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” |
Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom; cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar.
Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.
Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.
“Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.”
Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”
á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”
D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.”
Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”
thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”
Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D'fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol - chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”
Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.”
i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”
“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”