Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus arís eile, nuair a thugann sé an chéadghin mhic ar an saol, is é a deir sé, “Bíodh aingil Dé uile á adhradh.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus arís, nuair do‐bheir sé a chéid‐ghein isteach san tsaoghal adeir sé, Agus déanadh aingle uile Dé adhradh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a ris, an tan do bheir sé a steach an chéidghin don domhan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 1:6
17 Tagairtí Cros  

Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.


Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d'aithris.


Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.


Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.


[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.


Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe


Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.


Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m'Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”?


Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo: “Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach d'ullmhaigh tú corp dom.


Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.


Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.


agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí