Irimia 23 - An Bíobla Naofa 1981An Rí atá le Teacht 1 “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn. 2 Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn. 3 Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. 4 Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn. 5 Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh. 6 Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht. 7 “Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’ 8 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ” In Aghaidh Fáithe Bréige 9 I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh. 10 (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart. 11 Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid - an Tiarna a labhraíonn. 12 Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana - an Tiarna a labhraíonn. 13 I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán. 14 Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá. 15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche. 16 Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna; 17 leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ” 18 (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?) 19 Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine; 20 ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht. 21 “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim, ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith; ní leo a labhair mé; ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht. 22 An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha. 23 An Dia i ngar mise - an Tiarna a labhraíonn - agus nach Dia mé i bhfad uait? 24 An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn. 25 “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’ 26 Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin? 27 Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál. 28 “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn. 29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine - an Tiarna a labhraíonn - nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní? 30 “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile. 31 Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht. 32 Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn. 33 “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’ 34 “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin. 35 Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 36 Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia. 37 Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 38 Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna; 39 mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh. 40 Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart