Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel a naghaidh na náodhaireadh bhíathas mo phobal; Do scababhair mo thréud, agus do dhíbreabhair seachad íad, agus níor fhiosruigheabhair íad: féuch, digheola misi oruibhsi uilc bhur ngníomh, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:2
21 Tagairtí Cros  

Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”


Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta; ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sin ní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.


“Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n‑ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n‑iníonacha le gorta.


Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.


“Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas?


Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?


Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.


rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.


“Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo - an Tiarna a labhraíonn - ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?”


An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.


De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.


Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán, lena féilte agus lena réanna nua, lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir


Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.


Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n‑aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.


Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.


bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’


bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m'fheiceáil.’


Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí