Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim, ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith; ní leo a labhair mé; ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Ní misi do chuir na fáighesi uáim, gidheadh do rithiodar: níor labhair mé ríu, gidheadh do thairrghireadar.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:21
12 Tagairtí Cros  

Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: “Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?” D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”


Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.


Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.


Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.


Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”


Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.


“Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: ‘Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag,


ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,


óir tairngríonn siad daoibh go bréagach i m'ainmse. Ní mise a chuir uaim iad - an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Dúirt Íosa leo ansin arís: “Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”


Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí