Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Ní fhillfidh fearg an TIGHEARNA, nó go ccríochnuighidh sé, agus go ccoimhlíonuidh sé smuáintighthe a chroidhe: measfuidhesi sin go diongmhalta annsna láethibh déighionacha.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:20
18 Tagairtí Cros  

Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.


“Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;


Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.


Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:


is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.


ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích agus go gcomhlíona comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.


Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.’


Ansin dúirt mé: “A Thiarna Dia, tá siad ag rá fúm: ‘Nach é an fáthscéalaí é?’ ”


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí