Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do chonnairc mé amadánacht a bhfáighibh Shamária; do thairrghireadar tre Bhaal, agus thugadar ar mo phobal Israel earráid do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:13
12 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.


Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.


Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.


“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.


chun a saol uile a chaitheamh le drúis. Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.


Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.


De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí