Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Ná héistigh re bríathruibh na bhfágh thairrghirios díbh: do níd síad díomhaóin sibh, labhruid fis a ccroidhe féin, agus ní has béul an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:16
26 Tagairtí Cros  

Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna,” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”


Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.


Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” d'fhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.


Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.


Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.


“Ní mise a sheol na fáithe seo uaim, ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith; ní leo a labhair mé; ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.


Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?


Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”


ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,


Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?


Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna, gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal. Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh, múinigí dá chéile olagón.


Tá a geataí sáite sa talamh; mar réab sé agus bhris sé a mbarraí; tá a rí agus a flatha i measc na náisiún agus níl aon dlí ann níos mó; go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe aon fhís ar bith ón Tiarna.


leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”


Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na fáithe baotha a leanann a spiorad féin gan aon rud a fheiceáil.


Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.


[Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna Dia’; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.


Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.


“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.


mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.


A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí