Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine - an Tiarna a labhraíonn - nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Nach bhfuil mo bhríatharsa cosmhuil re teine? a deir an TIGHEARNA; agus cosmhuil ré hórd bhrisios an charruic na blodhuibh?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:29
11 Tagairtí Cros  

Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.


Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua - Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.


Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.


Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”


Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.


Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;


Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”


do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?


Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.


Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí